Is é ETIAS córas faisnéise agus údaraithe taistil nua an AE. Baineann an córas le náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ón gceanglas víosa agus ar mian leo taisteal go limistéar Schengen.
Córais faisnéise an AE le haghaidh víosaí Schengen
Malartaíonn rialtais ar fud an AE faisnéis trí chórais mhórscála TF chun saoránaigh a chosaint, coireacht a chomhrac agus teorainneacha a dhaingniú. Tá na córais TF sin curtha ar bun ag an AE agus tá sé ag obair faoi láthair chun iad a fheabhsú agus córais TF nua a bhunú.